ClubLeabharLondan

ClubLeabhar - "Seal sa Pholainn" - Leabhar Mhí an Mheithemh

Seal sa Pholainn le Alan Desmond

ISBN 9780955721700

Foilsitheoir: Comhar

Le ceannach ó:
http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=5258
nó ó
http://www.siopa.ie/Leabhar.aspx?ID=38&Lang=ga

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí an Mheithimh 2011

Sa bhliain 2003 thug Alan Desmond aghaidh ar an bPolainn chun Gaeilge a mhúineadh in Ollscoil Chaitliceach Lublin, in Oirthear na tíre sin. Conradh bliana a bhí aige agus is beag a shíl sé go bhfanfadh sé ceithre bliana ann.

Chomh maith le cuntas beoga soléite a thabhairt ar na háiteanna éagsúla ar thug sé cuairt orthu tugann sé léargas tuisceanach dúinn sa leabhar seo ar mhuintir na Polainne féin, ar a ndílseacht don chreideamh Caitliceach, a mbá leis an bPápa Polannach, Eoin Pól II, agus a nósanna ag féilte eaglasta.

Tá cur síos freisin ar an éagóir a rinneadh ar an bPolainn le linn agus i ndiaidh an dara cogadh domhanda agus ar na hathruithe a tháinig ar an tír ó cuireadh deireadh leis an réimeas cumannach inti agus an Pholainn anois ina ballstat de chuid an Aontais Eorpaigh.

Agus breis agus 200,000 Polannach i bPoblacht na hÉireann faoi láthair is beag Éireannach nach mbíonn teagmháil ó am go chéile le duine acu.

Ba mhór an chabhair an leabhar seo chun aithne níos fearr a chur orthu.


ClubLeabharLondan

Powered by GroupSpaces · Terms · Privacy Policy · Cookie Use · Create Your Own Group