ClubLeabharLondan

News and Announcements

Leabhar mhí an Mheithimh

  • Wednesday, 22nd June 2011 at 7:30pm
    Location: Biagio Chez Victor 45 Wardour Street London W1D 6PZ Mapa:http://www.biagiochezvictor.co.uk/location

    Is é "Seal sa Pholainn" le hAlan Desmond leabhar na míosa seo.

    Ná bíodh imní ort…

    • 2 people attended

Ná lig Hammersmith i ndearmad . . .

E-mail sent by Éamon, Tuesday, 7th June 2011 @ 11:00am

Ná lig Hammersmith i ndearmad . . .

Beidh cúpla rud thar a bheith suimiúil ar siúl san Irish Centre Hammersmith.

Amárach, Dé Céadaoin, 7pm
Scannán – The Pipe
a phléanns leis an gconspóid i nGaeltacht Mhaigh Eo agus leis an bhfeachtas Shell Chun Sáile
http://www.thepipethefilm.com/main-sect/home/

Dé hAaoine, 8pm: Cuideachta
Oíche Chaidrimh agus comhrá as Gaeilge.  Fáilte roimh chách.

Mura raibh tú san ionad sin riamh, tá mapa anseo:
http://tinyurl.com/IrishCulturalCentre
agus é i bhfoisceacht cúpla céad slat de Hammersmith station, Piccadilly line.

Leabhar na Míosa seo

E-mail sent by Éamon, Monday, 30th May 2011 @ 11:07am

Is é Seal sa Pholainn le hAlan Desmond leabhar na míosa seo.

Pléfidh muid Dé Céadaoin 22ú Mheithimh é - sonraí uiliog le leamh anseo:

http://groupspaces.com/ClubLeabharLondan/item/152601

ClubLeabhar - "Seal sa Pholainn" - Leabhar Mhí an Mheithemh

Posted by Éamon, Monday, 30th May 2011 @ 10:54am

  • Seal sa Pholainn le Alan Desmond

    ISBN 9780955721700

    Foilsitheoir: Comhar

    Le ceannach ó:
    http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=5258
    nó ó
    http://www.siopa.ie/Leabhar.aspx?ID=38&Lang=ga

    ClubLeabhar.com - Leabhar mhí an Mheithimh 2011

    Sa bhliain 2003 thug Alan Desmond aghaidh ar an bPolainn chun Gaeilge a mhúineadh in Ollscoil Chaitliceach Lublin, in Oirthear na tíre sin. Conradh bliana a bhí aige agus is beag a shíl sé go bhfanfadh sé ceithre bliana ann.

    Chomh maith le cuntas beoga soléite a thabhairt ar na háiteanna éagsúla ar thug sé cuairt orthu tugann sé léargas tuisceanach dúinn sa leabhar seo ar mhuintir na Polainne féin, ar a ndílseacht don chreideamh Caitliceach, a mbá leis an bPápa Polannach, Eoin Pól II, agus a nósanna ag féilte eaglasta.

    Tá cur síos freisin ar an éagóir a rinneadh ar an bPolainn le linn agus i ndiaidh an dara cogadh domhanda agus ar na hathruithe a tháinig ar an tír ó cuireadh deireadh leis an réimeas cumannach inti agus an Pholainn anois ina ballstat de chuid an Aontais Eorpaigh.

    Agus breis agus 200,000 Polannach i bPoblacht na hÉireann faoi láthair is beag Éireannach nach mbíonn teagmháil ó am go chéile le duine acu.

    Ba mhór an chabhair an leabhar seo chun aithne níos fearr a chur orthu.

oíche Dé Céadaoin

E-mail sent by Éamon, Monday, 23rd May 2011 @ 5:24pm

a chairde,
Beidh mé ag obair thíos in Ipswich i rith an lae Dé Céadaoin ach tiocfaidh mé ar ais go Londain tráthnóna ag an gClubleabhar.
Tá's 'am go mbeidh mise, Dónal agus Declan ann.
Ná bíodh imní oraibh mura mbeidh "An Béal Bocht" léite agaibh - mar tig libh an gearrscéal seo a léamh ina leaba:
Tar Éis na Tuile, le fáil saor in aisce anseo:
http://www.alexhijmans.com/Literatuur/Gearrsc%C3%A9alta/Entries/2011/4/11_Tar_%C3%A9is_na_Tuile.html

Tá súil agam go bhfeicfidh mé ansin sibh,
http://groupspaces.com/ClubLeabharLondan/item/149517


Éamon

Cruinniú na Míosa Seo

  • Wednesday, 25th May 2011 at 7:30pm
    Location: Biagio Chez Victor 45 Wardour Street London W1D 6PZ

    Tá do rogha agat an mhí seo:
    - is é "An Béal Bocht" le 'Myles na gCopaleen' leabhar na…

    • 3 people attended

Cruinniú Mhí Aibreáin

  • Wednesday, 27th April 2011 at 7:30pm
    Location: Biagio Chez Victor 45 Wardour Street London W1D 6PZ

    NB Tá sé tabhachtach RSVP a thabhairt, chun go dtiocfaidh linn 'líon daoine' a chur chuig an…

    • 1 person attended

Oíche Amárach - Dé hAoine - 25ú Márta

E-mail sent by Éamon, Thursday, 24th March 2011 @ 5:12pm

na déan dearmad ar ár gClubLeabhar oíche Dé hAoine
7.30 pm  - Chez Victor - Soho
Cuir scairt orm ma bhíonn deacreacht ort

Sonraí agus mapa le fáil anseo:
http://groupspaces.com/ClubLeabharLondan/item/133748

Súil agam go bhfeicfidh mé ansin thú,

Éamon

Cruinniú Mhí an Mhárta

  • Friday, 25th March 2011 at 7:30pm
    Location: Biagio Chez Victor 45 Wardour Street London W1D 6PZ

    NB Tá sé tabhachtach RSVP a thabhairt, chun go dtiocfaidh linn 'líon daoine' a chur chuig an…

    • 5 people attended

Leabhar na Míosa

Posted by Éamon, Thursday, 17th March 2011 @ 11:59am

Oíche Dé hAoine

E-mail sent by Éamon, Thursday, 24th February 2011 @ 9:55pm

A chairde,

http://groupspaces.com/ClubLeabharLondan/item/111580

Tá a fhios agam go mbeidh mise, Breandán agus Dónal ann ag an gcruinniú Dé hAoine, agus d'inis Declan agus Eibhlín dhom nach féidir leo teacht.

A Liam, Enda is Christopher: a mbeidh sibh ann?

Ná bíodh imní oraibh mara mbeidh an leabhar léite agaibh – léigh Breandán agus Dónal cheana é , agus is breá an spórt é iad a cheistiú!

Éamon

Ná déanaigí dearmad ar ár gcruinniú!

E-mail sent by Éamon, Wednesday, 23rd February 2011 @ 4:58pm

Beidh an club ar siúl oíche dé hAoine:
http://groupspaces.com/ClubLeabharLondan/item/111580

An mbeidh sibh ann?

Éamon

r-phost ón gclub i mBAC

E-mail sent by Éamon, Wednesday, 23rd February 2011 @ 4:54pm

Tháinig an r-phost thios a ó Mhichelle i mBaile Átha Cliath.  Céard a mheasann sibh?

A Éamoin, a chara,

Tá súil agam go bhfuil cúrsaí go maith leat.

Conas mar atá ag éirí leis an gclub leabhar?

Ceist agam ort - tá clubleabhar.com ag comhoibriú leis an gclár Rónán Beo @ 3 ar Raidió na Gaeltachta anois. Tá mé ag iarraidh teacht ar clubanna leabhar ar fud an domhain a bheadh sásta agallamh beag a dhéanamh faoi leabhar na míosa ar an gclár. An mbeadh aon spéis ag Club Leabhar Londan páirt a ghlacadh sa rud seo? Is é Buille Marfach le hAnna Heussaff leabhar mhí an Mhárta agus bheadh sé go hiontach dá mbeadh duine nó beirt agaibh sásta an leabhar a phlé ar chlár Rónáin. Tá mé ag léamh an leabhair faoi láthair agus ag baint an-taitnimh as!

Má tá spéis agat, bí i dteagmháil liom agus is féidir linn na socruithe a phlé.

Ádh mór,

Michelle

rLeabhartha

E-mail sent by Éamon, Thursday, 10th February 2011 @ 8:45am

tairiscint ó litríocht.com:  

<<

An tseachtain seo táimid ag tairiscint 6 ghearrscéal ó údair aitheanta  a fuair duaiseanna ag Oireachtas na bliana 2010 saor in aisce i fhormáid r-leabhar
Níl na scéalta seo le fáil ar rLeabhar ach ar Litriocht.com agus táimid dá gcur ar fáil saor in aisce.
Níl le déanamh ach cliceáil ar Oireachtas Free Stories  agus ordú a chur isteach mar is gnáth.
Nuair a thiocfaidh do ordú isteach cuirfear treoir chugat ar conas na r-leabhair a íoslódáil..
Bain sásamh as..

>>

Mí Feabhra, Mí na bhFaoilleach, Mí na Féile Bríde

E-mail sent by Éamon, Friday, 4th February 2011 @ 10:25am

A chairde,

Maidir le A Thig Ná Tit Orm de, tá 'gluais' le fáil anois:

http://files.groupspaces.com/ClubLeabharLondan/files/54718/Gluais-AThigNaTitOrm.pdf

Má tá focal ann nach bhfuil ar eolas agat agus tusa ag léamh an leabhair, 'chuile seans go bhfuil sé sa ngluais seo – i bhfad níos éasca ná bheith sa tóir i bhfoclóir.

Dé hAoine seo caite bhíomar ag caint faoi céard a dhéanfaimís mura mbeadh seans ag gach uile dhuine leabhar an mhí a cheannach nó a léamh. Shocraigh muid gearrscéalta nó altanna beaga agus a leithéid a chur le fáil ar ár suíomh, píosaí sách gearr chun go dtiocfadh le duine ar bith iad a léamh gan mórán ama a chaitheamh. Céard faoin sliocht seo as Caint Ros Muc:

http://files.groupspaces.com/ClubLeabharLondan/files/53864/sa_reilig.pdf

Tá taifead le cloisteáil anseo:

http://files.groupspaces.com/ClubLeabharLondan/files/53861/sareilig.mp3

Éamon

Cruinniú Mhí Feabhra

  • Friday, 25th February 2011 at 7:30pm
    Location: Biagio Chez Victor 45 Wardour Street London W1D 6PZ

    NB Tá sé tabhachtach RSVP a thabhairt, chun go dtiocfaidh linn 'líon daoine' a chur chuig an…

Leabhar mhí Feabhra 2011

Posted by Éamon, Saturday, 29th January 2011 @ 1:45pm

  • A Thig Ná Tit Orm   le Maidhc Dainín Ó Sé

    ISBN 9780714412122  Foilsitheoir: CJ Fallon

    ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Feabhra 2011

    Is leabhar éadrom spraíúil é A Thig Ná Tit Orm, dírbheathaisnéis an cheoltóra Maidhc Dainín Ó Sé, atá lán scéalta a shaoil, go háirithe scéalta ó na caogaidí agus na seascaidí. Tugann an saothar léargas dúinn ar a shaol féin agus ar an saol i gcoitinne ag an am. Mar aon le go leor daoine eile, chuaigh Maidhc ar imirce – go dtí Londan ar dtús, áit a raibh sé ag obair ar feadh bliana, agus i ndiaidh sin go Chicago, áit ar fhan sé ar feadh deich mbliana. Phós sé a bhean chéile Caitlín in Chicago agus rugadh beirt pháistí dá gcuid ansin. Theastaigh uatha a bpáistí a thógáil in Éirinn, áfach. D’fhill siad ar Éirinn i 1969, agus chuir siad fúthu i gCarrachán. Dar le Maidhc, ba é sin an cinneadh is fearr dá shaol.

    Tá sé le ceannach anseo:
    Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie »
    nó ó
    http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=155

aréir . . .

E-mail sent by Éamon, Saturday, 29th January 2011 @ 10:30am

Cé nach raibh ach triúr  againn ann, bhain muid an-sult as an gClubLeabhar aréir.  Phléigh muid Favela, phléigh muid gearrscéal, phléigh muid stair Thuaisceart Shasana fiú amháin!  

Maidir le costas de, mura raibh an tríú buidéal fíona ceannaithe (agus ólta) againn, bheadh praghas an bhia réasúnta saor.

Rachaidh muid ar ais chuig Chez Victor deireadh Mhí Feabhra, chun A Thig Ná Tit Orm le Maidhc Dainín Ó Sé a phlé.  Mura mbíonn deis agat an leabhar a léamh ná bíodh imní ort: cuirfidh muid gearrscéal le léamh ar ár suíomh idirlíon agus pléifidh muid an scéal sin freisin.

Oíche Dé hAoine

E-mail sent by Éamon, Thursday, 27th January 2011 @ 9:12pm

Ná déanaigí dearmad ar ár gcruinniú.
Tá súil agam go mbeidh ceathrar againn ann: mise, Breandan, Declan 7 Enda.  Ag an doras abair leis an bhfreastalaí gur ball de "Irish Book Club" thú agus díreofar chuig an mbord ceart thú.  Date: Friday, 28th January 2011 @ 7:30pm Location: Biagio Chez Victor 45 Wardour Street London W1D 6PZ Website: http://www.biagiochezvictor.co.uk/location Contact: má bhíonn moill ort, cuir glaoch ar 07870 498 603

Éamon

Gluais Favela

E-mail sent by Éamon, Sunday, 23rd January 2011 @ 10:05am

a chairde,
Tá gluais le fáil anois de na focail is neamhchoitianta i Favela.
http://www.siopa.ie/siopa_files%5CPDFs%5CGlossary%5CGluais%20-%20Favela.pdf

Beidh an leabhar níos fusa a léamh agus an ghluais seo in aice láimh agaibh.

Éamon


ClubLeabharLondan

Powered by GroupSpaces · Terms · Privacy Policy · Cookie Use · Create Your Own Group