Is suíomh é seo a bhfuil sé mar aidhm aige lucht na Gaeilge i Londain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh agus iad a phlé. Buaileann muid le chéile gach mí le leabhair a phlé agus comhrá a dhéanamh as Gaeilge.
Club áitiúil atá ionainn, de chuid clubleabhar.com atá bunaithe in Éirinn agus ar an idirlíon.
Beimid ag cruinniú gach 4ú Céadaoin den mhí, tar éis dúinn leabhar Gaeilge a léamh gach mí
Beimid ag roghnú bialainne i Londain, áit éigin Iodálach, Síneach, Indiach srl
Beimid ag leanúint an liosta leabhar a bhíonns ag GaelChultúr ar an idirlíon
Píosa craic, comhrá maith, bia saor, agus gloine nó dhó d'fhíon
Tá fáilte roimh chách a bheith páirteach anseo. Tá an club seo dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge labhartha réasúnta maith acu, ón scoil b'fhéidir, ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga agus éirí níos eolaí ar litríocht na Gaeilge.
E-mail sent by Éamon, Tuesday, 7th June 2011 @ 11:00am
Ná lig Hammersmith i ndearmad . . .
Beidh cúpla rud thar a bheith suimiúil ar siúl san Irish Centre Hammersmith.
Amárach, Dé Céadaoin, 7pm Scannán – The Pipe
a phléanns leis an gconspóid i nGaeltacht Mhaigh Eo agus leis an bhfeachtas Shell Chun Sáile http://www.thepipethefilm.com/main-sect/home/
Dé hAaoine, 8pm: Cuideachta
Oíche Chaidrimh agus comhrá as Gaeilge. Fáilte roimh chách.
Mura raibh tú san ionad sin riamh, tá mapa anseo: http://tinyurl.com/IrishCulturalCentre
agus é i bhfoisceacht cúpla céad slat de Hammersmith station, Piccadilly line.